Is ceart é an cúram sláinte
April 11, 2007
Download file
(5 MB)
Athchoimre Feidhmeannach
Moltaí Polasaithe Shinn Féin
• Córas sláinte uilíoch, poiblí, nua in Éirinn a shoal áthraíonn cúram saor in aisce ag an phointe seachadta, ar bhonn riachtanais amháin agus maoinithe tríd cánacha ginearálta, cothrom, forásach.
· Atheagrú bunúsach den chóras sláinte a thabharfadh fócas lárnach do chosc, cur chun chinn na sláinte agus cúram bunúsach (le cúram sláinte intinne san áireamh), agus ag díothú, ag deireadh an lae, na gcúiseanna sóisialta agus struchtúrtha d'easláinte agus bás anabaí mar shampla bochtanas agus mí-ionannas.
• Go gcuirfí Coimisiún um Maoinithe Sláinte ar bun láithreach chun tuairisc a thabhairt laistigh d'fhráma ama inghlactha i dtaobh na gcostaisí teilgthe chun aistriú go córas Uile-Éireannach de sholáthar uilíoch, ag tabhairt fa' dheara an chaiteachais iomláine i láthair na huaire faoi na córais reatha; maoiniú stáit. Bheadh caiteachas ar árachas príobháideach san áireamh anseo agus dhéanfaí moltaí ar na bealaí is fearr don stát na hacmhainní seo a úsáid i gcomhair seachadta níos cothroime, níos éifeachtaí.
Is ceart é an cúram sláinte
• An ceart do shláinte agus an ceart do chúram-shláinte a dhaingniú in aon Chairt uile-Éireannach agus Bunreacht uile-Éireannach amach anseo. Idir an dá linn, féachaint le Bunreacht na hÉireann 1937 a leasú leis na cearta seo a thabhairt san áireamh
• An ceart do chúram-shláinte a dhaingniú agus é a dhéanamh infheidhmithe i gcúirteanna na hÉireann.
• Ombudsman sláinte a bhunú chun réiteach riarthach a sholáthar roimh úsáid na gcúirteanna, ar mhaithe le réitigh níos gaiste ar aon aighneas a bhaineann le sárú cearta sláinte. Sa dóigh sin bheadh níos lú costais ag baint le réiteach.
• Measúnú comhionannais agus measúnú cearta daonna a chur i bhfeidhm ar pholasaí, ar dhlí agus ar chleachtas sláinte, agus le measúnú sláinte a dhéanamh ar réimsí eile de dhlí agus de pholasaí.
Moltaí Polasaí Shinn Féin don Idir Linn (26 Contae)
• Gach maoiniú sláinte a infheistiú sa chóras poiblí, deireadh láithreach a chur le sosanna cánach d'otharlanna príobháideacha agus leis an scéim thalaimh a bhronnadh, fóirdheontas poiblí a chríochnú de réir a chéile agus deireadh a chur leis an chóras príobháideach taobh istigh d'am scála aontaithe. Níl comháireamh cruinn déanta ar líon leapacha atá ar fáil inár n-otharlanna. Tá gá práinneach leis an chomháireamh seo.
• Athrú bainistithe, céimithe go dtí go mbeidh soláthar iomlán poiblí bainte amach againn, ag tosú le cárta leighis do chách faoi aois18
• Forbairt ar am scála luathaithe na nAonad Príomh-Chúram a gealladh fud fad an stáit.
• Straitéis le hacmhainní iomlán agus am scála a sholáthróidh an 3,000 leaba otharlainne breise atá de dhíth.
• Ag cur deireadh le ró-lárnú áiseanna otharlainne agus ciorruithe ar seirbhísí otharlanna áitiúla a chúlú.
• Plean le leapacha poiblí, eisintiúil, banaltrachta, áiseanna cúraim sa phobal agus cúram sa bhaile ar fad a fheabhsú.
• Ag cinntiú coinníollacha oibre, deiseanna ardú céime agus agus luach cuí saothair le foirne oilte a choinneáil sa tseirbhís sláinte, rud a chuirfeadh deireadh leis an bhánú ón chóras poiblí agus ón tír i gcoitinne.
• Beidh gach post nua do lianna comhairleacha ina phost poiblí amháin.
Moltaí Polasaí Shinn Féin don Idir Linn (Sé Contae)
• A thuilleadh maoiniú ar shláinte ó rialtas na Breataine le hoibleagáidí s'acu do mhuintir na hÉireann a chomhlíonadh le linn do thréimhse réiteach choimhlinte agus athruithe polaitiúla.
• Athchur daonlathais agus freagrachta aitiúil fríd an Tionól agus an Chomhairle Aireachta uile-Éireann, le freagracht aireachta ar shláinte agus ar sheirbhísí sóisialta.
• Infheistíocht in atheagrú struchtúrtha agus bainistíochta agus cur i bhfeidhm iomlán straitéis na h infheistíochta sláinte ar aontaíodh roimhe seo.
• Comhoibriú uile-Éireann agus comhnascú seirbhísí sláinte de réir a chéile leis na hacmhainní sláinte ar an oileán a uasmhéadú.
• Cur i gcoinne príobháidiú cúram-shláinte
Feidhmeannas Straitéiseach Aonair uile-Éireannach
Molann Sinn Féin go gcuirfí Feidhmeannas Straitéiseach Aonair uile-Éireannach ar bun. De réir a chéile thógfadh an Feidhmeannas seo chuige féin rólanna an Fheidhmeannais Seirbhís Sláinte (26 Contae) agus an Údaráis Straitéisigh Sláinte (molta le déanaí dona Sé Contae faoi Athbhreithniú an Riaracháin Phoiblí).
Bheadh an Feidhmeannas Straitéiseach Aonair uile-Éireannach freagrach as comhordnú seirbhísí sláinte ar an oileán. Beidh sé i mbun cúram tosaithe agus pobail chomh maith le seirbhísí poitigéara agus fiaclóra, agus seirbhísí otharlainne.
Chun freagracht agus trédhearcacht a chinntiú beidh ionadaíocht bainistíochta, úsáideoirí, polaitiúil, comhairle agus foirne ar an bhord.
Páirtnéireachtaí Sláinte an Phobail chun seachadadh éifeachtach, freagrach a chinntiú
Tá Sinn Féin geallta chun cuspóirí rannpháirtíocht agus freagracht áitiúil a bhaint amach agus chuige seo moltar go mbunófaí Páirtnéireachtaí Sláinte an Phobail a bheidh freagrach as cúram sláinte a sheachadadh ina sain-cheantair féin.
Déanfar bainistíocht ar Pháirtnéireachtaí Sláinte an Phobail tríd comhoibriú ar leith idir ionadaithe poiblí áitiúla, úsáideoirí na seirbhíse, comhairleoirí, daoine proifisiúnta sa chóras sláinte agus eolaithe an chórais. Beidh siad ina macasamhail áitiúil den Feidhmeannas Straitéiseach Aonair uile-Éireannach.
Beidh Páirtnéireachtaí Sláinte an Phobail freagrach as pleanáil Straitéiseach agus ról faire ar seirbhísí pobal- bhunaithe agus seirbhísí otharlanna áitiúla. Don chéad uair beidh riachtanais sláinte áitiúla i lár pleanáil agus seachadadh na seirbhísí sláinte áitiúla
Béim nua ar Chúram Bunúsach
• Cúraim shóisialta agus sláinte cuimstheacha, saor in aisce ag an phointe seachadta do chách, seirbhísí dochtúra agus fiaclóra san áireamh agus deireadh a chur le costais oidis.
• Seirbhísí cúraim bunúsach atheagraithe ar bhonn uile-Éireann.
• Greasán nua-aoiseach a fhorbairt d'aonaid um Cúram agus Leigheas bunúsach. Bheadh na grúpaí seo il-chineálach agus ina measc beidh dochtúirí, altraí, cuairteoirí sláinte, poitigéirí pobail, radharc-eolaithe, fiaclóirí, oibrithe sóisialta agus na hoibrithe proifisiúnta gaolmhara, ina measc siúd soláthróirí sláinte intinne agus soláthróirí leighis alcóil..
• Dochtúirí ginreálta a cheapadh a oibreoidh sna Foirne Cúram Bunúsacha, agus idirbheartaocht a chur ar bun chun conarthaí a dhreachtadh do gach dochtúir ginerálta eile.
• Tús áite a thabhairt do cosc agus luath-leigheas ag tabhairt a bheith san áireamh:
- Straitéis Náisiúnta Forbartha Sláinte chun maireachtail sláintiúil a chur chun cinn agus í dírithe ar an chumasú, agus ar oideachas an chomhaltais dírithe ar ghrúpaí ar an imeall.
• Réimse seirbhísí scannála ar fáil ( mar shampla seirbhísí scannála ailse cíche agus muineálach gan mhoill, go háitiúil agus go foirleathan - bunaithe ar chritéir bhaoil in ionad aoise amháin - chun ailse agus galair eile a aimsiú go luath.
Comhionannas i gcúram otharlanna
· Seirbhís chuimsitheach cúraim ospidéal a thabhairt isteach atá saor ag an bpointe a mbaintear úsáid aisti.
· Seirbhísí ospidéil a eagrú ar bhonn uile-Éireann
· Plean náisiúnta a chur ar bun chun cúram ospidéil a chur ar fáil agus a mhaoiniú, lena n-áirítear spriocanna rochtana atá soiléir.
· Gach ospidéal a eagrú chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí éigeandála ar fáil chomh áitiúil agus is féidir. Don chuid is mó ar fad den daonra, ba cheart go mbeadh na seirbhísí seo lonnaithe in ionaid a bhféadfar sroichint laistigh de 45 nóiméad ar an mbóthar. Ní ceart go mbeadh aon duine níos mó ná uair ó Aonad Tionóisc agus Éigeandála, nuair a chuirtear san áireamh na trí factóir criticiúil rochtana: ionad an ospidéil, coinníollacha bóthair agus soláthar otharchairr
· Bainistíocht na seirbhísí ospidéil áitiúla a aistriú go dtí na Páirtnéireachtaí Sláinte Pobail
· Na Scéimeanna Fhreagróir Sciobtha do Phobail Tuaithe a leathnú ar fud na tire.
· Infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa tseirbhís otharchairr, uasghrádú ar na hotharchairr atá ann faoi láthair san áireamh, maraon le seirbhís aer-otharchairr a thabhairt isteach.
Béim nua ar Chúram Sláinte Meabhrach
Moltaí Polasaithe Eatramhacha Shinn Féin
- Tógáil ar an gcreatlach atá ann sa 6 Contae agus sa 26 Contae, lena n-áirítear:
- Cur i bhfeidhm go hiomlán an Achta Sláinte Meabhrach 2001 de chuid an 26 Contae
-Cur i bhfeidhm go hiomlán na moltaí a rinne an Grúpa Saineolaithe Sláinte Meabhrach de chuid na Roinne Sláinte agus Páistí, mar a leagadh amach iad in A Vision for Change (2006).
· Clár caiteachais a thabhairt isteach chun an easpa (maoinithe thar na blianta a chur ina cheart, agus ina dhiaidh sin ar a laghad 12% den bhuiséad sláinte a chur i leataoibh ar mhaithe le seirbhísí sláinte meabhrach, mar atá molta ag an Eagraíocht Sláinte Domhanda.
· Coimisiúin Sláinte Mheabhrach Uile-Éireann a bhunú chun na caighdeáin is fearr a chur chun cinn agus a fheidhmiú laistigh de na seirbhísí sláinte meabhrach agus chun taighde a mhaoiniú ar bhonn uile-Éireann.
Moltaí Beartas Shinn Féin
· Reachtaíocht chun cearta reachtúla comhionannais agus féinchinntiúcháin dhaoine le drochshláinte mheabhrach a thabhairt isteach, chun cumasú daoine le riachtanais sláinte meabhraí a chinntiú, agus chun cead páirt a ghlacadh i socruithe a bhaineann leo agus abhcóideacht a fháil más gá a chinntiú.
· Reachtaíocht chun ceart reachtúil d'fháil ar sheirbhísí sláinte meabhraí tráthúla agus cuí a thabhairt isteach.
· Seirbhísí do bhunchúram sláinte meabhraí, cúram tánaisteach agus cúram do leanaí agus ógánaigh a atheagrú chun aistriú ó sheirbhísí tánaisteacha sna cúig go deich mbliana atá amach romhainn a thabhairt chun críche, le go mbeidh formhór mór an chúraim sláinte meabhraí ar fáil ó Fhoirne um Bunchúram na Sláinte Meabhraí (agus a bheidh ar fáil 24 uair an chloig in aghaidh an lae).
· Gréasán de sheirbhísí íoschéimneacha a bhunú, chomh maith le tacaí suntasacha pobail eile, dóibh siúd atá ag aistriú ó shaoráidí cúraim thánaistigh.
· Gréasán de Sheirbhísí Sláinte Meabhraí do Leanaí agus Ógánaigh atá maoinithe go hiomlán a bhunú ar fud na hÉireann, agus atá ag obair ar aon dul le Foirne um Bunchúram na Sláinte Meabhraí.
Cosc ar Fhéinmharú
· Cosc ar fhéinmharú a bheidh ina réimse comhoibriú faoin gComhairle Aireach uile-Éireann chun an comhordnú straitéiseach atá ag teastáil ón tsaincheist a chur ar fáil.
· Straitéis um Chosc ar Fhéinmharú Uile-Éireann suntasach le maoiniú iomlán
· Infheistiú a dhéanamh i dtuilleadh taighde cliniciúil agus pobalbhunaithe ar chosc ar fhéinmharú.
· Feachtais náisiúnta ar fheasacht faoi shláinte mheabhrach agus feachtais fhrithnáire agus fhrithcháinte chun cabhrú le saincheist an fhéinmharaithe (is eiseamláir dhearfach é an feachtas See Me in Albain).
· Parai -fhéinmharfóirí, daoine atá i mbaol féinmharaithe, teaghlaigh atá faoi bhrón mar gheall ar bhás féinmharfach, agus muintir na ndaoine atá i mbaol féinmharaithe a bheith páirteach i ndéanamh beartas ar an tsaincheist seo.
Seirbhísí Ilréimseacha an Chóir Leighis a bhaineann le Drugaí agus Alcól
· Maoiniú fónta a thoirbhirt chun an fháil atá ar chóir leighis drugaí agus alcóil a leathnú go suntasach, agus chun na liostaí feithimh ar chóir leighis a dhíbirt.
· Réimse na seirbhísí atá ar fáil a leathnú le go mbeidh gach duine a bhaineann úsáid as drugaí nó alcól agus atá ag iarraidh áis a bhaint as cóir leighis agus seirbhísí eile in ann seo a dhéanamh, agus go mbeidh siad seo oiriúnach dá riachtanais - más ag iarraidh saol gan drugaí a bhunú atá siad, nó leanúint le húsáid na substaintí seo i láthair na huaire ar bhealach níos sábháilte.
· Cinntiú go bhfuil fáil ag lucht úsáidte na ndrugaí agus an alcóil ar sheirbhísí eile comhairleoireachta agus leighis atá ag teastáil uatha, gan leithcheal. Is féidir le tinneas neamhriachtanach, nó fiú bás a d'fhéadfaí a chosc, a eascairt as bac a bheith ar fáil sheirbhísí den chineál sin.

