An Ceart chun Tithíochta a Chumhdach

April 11, 2007

Download file PDF Document (3 MB)

Executive Summary

An Ceart chun Tithíochta a Chumhdach

  • Cuir ar siúl Reifreann chun Bunreacht 1937 a leasú chun ceart iomlán infheidhmithe chun tithíochta oiriúnaí agus iomchuí a chur san áireamh.
  • Cuir san áireamh an ceart chun tithíochta i mBille um Chearta do na 6 Chontae, agus, i gCairt um Chearta Uile-Éireann amach anseo.
  • Cuir Roinn Tithíochta ar bun chun an ceart seo a sholáthar, le hAire a bhfuil an Tithíocht amháin faoina c(h)úram ann chun na cláir uaillmhianacha a bhaineann le beartas tithíochta Shinn Féin a thabhairt i gcrann agus chun maoirseacht a dhéanamh orthu.
  • Cuir ar bun Straitéis Tithíochta Náisiúnta agus Gníomhaireacht Tithíochta Náisiúnta chun gach gné de sholáthar tithíochta ar bhonn Uile-Éireannach a phleanáil agus a chomhordú.
  • Cuir Ombudsman Tithíochta in áit chun réiteach riaracháin roimh dhul chun na cúirte a sholáthar, ar mhaithe le réiteach níos gasta agus níos saoire ar aighnis tithíochta agus ar mhaithe le sásamh ollsáruithe maidir leis an gceart chun tithíochta.


Deireadh a chur le hEaspa Dídine

  • Forbair Straitéis Uile-Éireannach ar Easpa Dídine, le spriocanna ciallmhara agus le hacmhainní oiriúnacha aici chun easpa dídine a laghdú agus deireadh a chur léi de réir a chéile (ag tosú le deireadh a chur le heaspa dídine sráide faoin bhliain 2010), agus le meicníochtaí monatóireachta lena chinntiú go mbaintear spriocanna amach.
  • Cuir straitéisí easpa dídine agus Pleananna Gníomhaíochta Easpa Dídine Áitiúla atá ann cheana ar bhonn reachtúil.
  • Cloígh leis an ghealltanas tugtha i I dTreo 2016 (comhaontú comhpháirtíochta sóisialta nua na 26 Contae) nach mbeidh duine ar bith ina chónaí i gcóiríocht éigeandála níos faide ná fíorchás éigeandála faoi 2010.
  • Leag sprioc Uile-Éireannach síos chun liostaí feithimh tithíochta a dhíothú, le sprioc láithreach chun cóiríocht iomchuí laistigh de dhá bhliain a sholáthar do 70% d'iarratasóirí.


Tithíocht Shóisialta a chur ag Ceartlár an tSoláthair

  • Dírigh ar mholadh thuarascáil an CNES a chur i bhfeidhm a mholann 70,000 aonad nua le freastal ar riachtanas na tithíochta sóisialta sna 26 Contae faoi 2012 (ráta tógála nua de thimpeall 14,000 sa bhliain).
  • Dírigh ar chlár tógála nua tithíochta sóisialta a chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta uirbí agus tuaithe sna 6 Chontae ar bhonn éifeachtach, ina mbeidh sprioc de 5,000 aonad tithíochta sóisialta ar a laghad tógtha thógáil sa bhliain le freastal ar éileamh tithíochta.
  • Tabhair ar údaráis áitiúla agus/nó ar Fheidhmeannach Tithíochta na 6 Chontae tromlach aonaid tithíochta sóisialta a sholáthar.
  • Úsáid Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh chun talamh (ar luach láithreach úsáidte, móide 25% nuair atá gá le cothromaíocht agus toil an phobail), foirgnimh in anchaoi agus foirgnimh tréigthe ar feadh 12 mhí nó níos mó a fháil, ar mhaithe le tithíocht shóisialta, le nós imeachta achomhairc i bhfeidhm atá trédhearcach agus cóir.
  • Coinnigh cúlsoláthair talún de thalamh faoi úinéireacht phoiblí a choinneáil le haghaidh tógáil nua tithíochta sóisialta.
  • Cuir in áit reachtaíocht ina mbeidh éileamh ann go n-athsholáthrófar, aonad ar aonad, aon stoc tithíochta sóisialta a dhíolfar, agus go mbeidh brabúis faighte ag rialtas áitiúil curtha ar leataobh agus go gcuirfidh rialtas láir airgead oiriúnach ar fáil chun stoc tithíochta sóisialta a athlíonadh.
  • Cuir in aghaidh talamh poiblí a dhíol le forbróirí príobháideacha ag údaráis áitiúla mura bhfuil soláthar tithíochta sóisialta iomchuí ar fáil.
  • Leasaigh an tAcht um Pleanáil agus Forbairt sna 26 Contae chun 'clásail éalaithe dualgas' d'fhorbróirí i gCuid V a bhaint ar shiúl, agus a chinntiú go n-úsáidfear Cuid V ina hiomláine trí choinníoll a dhéanamh de go mbeidh ar fhorbróirí 30% de thithíocht sóisialta ar phraghas réasúnta a leithdháileadh, 10% ar a laghad de ina thithíocht shóisialta agus 10% ar a laghad de ina thithíocht ar phraghas réasúnta chun fíorthionchar a imirt ar liostaí feithimh tithíochta.
  • Tabhair isteach a leithéid de reachtaíocht sna 6 Chontae le tabhairt ar fhorbróirí £30% de gach forbairt a chur ar leataobh do thithíocht shóisialta agus í ar phraghas réasúnta, agus 10% ar a laghad go háirithe do thithíocht shóisialta agus 10% ar a laghad d'aonaid tithíochta ar phraghas réasúnta.
  • Diúltaigh plean tithíochta ar bith de chuid údarás áitiúil nach mbíonn tithíocht shóisialta agus/nó tithíocht ar phraghas réasúnta ann.


Úinéireacht Phríomhthí a Dhéanamh níos Inrochtana

•Cuir i bhfeidhm reachtaíocht lena cinntiú go mbeidh aonaid tithíochta ainmnithe mar 'inacmhainneach' ar luach tógála, a chiallaíonn praghas arb ionann é agus tógáil an aonaid, de réir leasú Shinn Féin a mholfar ar alt 5 den Bhille (Forálacha Ilghnéitheacha) Tithíochta 2004.

•Faoiseamh úis ar mhorgáiste a mhéadú do chéadcheannaitheoirí a shaothraíonn suas go dtí an meántuarastal tionsclaíoch.

•Tacaigh le húinéireacht tithíochta comharchumainn agus cuir í chun cinn.

•Déan gníomh láidir in aghaidh cleachtas tuairimeach frith-shóisialta a mhéadaíonn praghsanna tithe, trí dreasacht chánach a chealú a spreagann iomaíocht éagórach idir infheisteoirí agus céadcheannaitheoirí nó ceannaitheoirí príomhthí amhail:
- cáin a thabhairt isteach ar gnóthachain amhantair mar gheall ar chinntí pleanála, mar aithint agus mar chúiteamh ar fheabhsúchán ag an Stát; agus
- uasteorainn reachtúil a chur ar phraghas talún criosaithe le haghaidh thithíochta.

Gníomhairí Eastáit agus Comhlachtaí Bainistíochta a Rialú

  • Tabhair isteach rialú gníomhairí eastáit, Ombudsman Tithíochta a chumhachtú chun cód iomparaíochta a fhorchur, gearáin a fhiosrú agus chun gníomh smachta a dhéanamh nuair a dhéantar cleachtas cóir a shárú.
  • Neartaigh rialú comhlachtaí bainistíochta, agus cuir reachtaíocht i bhfeidhm lena chinntiú go ndéantar gach limistéar a bhainistiú ag údarás áitiúil gan é bheith tugtha amach ar conradh do bhainistiú príobháideach.


Bunchíos a Chealú

  • Bunchíosanna agus bunchíos léas-seilbhe chuí a chealú lom láithreach agus úinéireacht phoiblí a dheanamh díobh. Cúiteamh ar bith a thabhairt do thiarnaí bunchíosa.


Riailréim Cosanta Tionónta Láidir a Chruthú

  • Mhéadaigh go suntasach rialú earnáil cíosa phríobháidigh, agus cosaintí tionónta thuaidh agus theas a chomhchuibhiú.
  • Soláthair cumhachtaí láidre agus acmhainní oiriúnacha le haghaidh cur i bhfeidhm riailréim cosanta tionónta.
  • Tabhair isteach rialú cíosa sa dá dhlínse a chinntíonn ráta sochair chóir do thiarnaí talún agus atá nasctha leis an

Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí agus cáilíocht na réadmhaoine araon.

  • Cuir i bhfeidhm reachtaíocht agus cuir i bhfeidhm íoschaighdeáin chóiríochta, agus cuir i bhfeidhm reachtaíocht don cheart le haghaidh cothabhála (cothabháil thimthriallach san áireamh) agus deisiúcháin laistigh d'amchlár réasúnta.
  • Tabhair Bord Tionóntachtaí Cónaitheacha Príobháideacha isteach sna 6 Chontae ar choibhéis leis sin sna 26 Contae, ina mbeidh clárú do gach tiarna talún riachtanach laistigh d'amchlár ar leith agus ina mbeidh pionóis airgeadais infheidhmithe mura gcláraítear.
  • Cuir ar fáil soláthar don Bhord Tionóntachtaí Cónaitheacha Príobháideacha sna 26 Contae chun taiscí díolta a choinneáil agus a aisíoc, mar is é coinneáil siar taiscí an chúis is mó gearán a thugann tomhaltóirí chuig an Chúirt Mhionéileamh.
  • Cuir i bhfeidhm reachtaíocht chun an chumhacht a fháil tiaraí talún neamhscrupallacha a chosc ó fhoirgnimh a ligean ar cíos.


Deireadh a chur le Seicteachas i nDáileadh Tithíochta


  • Tógfar agus dáilfear tithíocht shóisialta sna 6 Chontae ar bhonn riachtanais oibiachtúil amháin.
  • Beidh ar an Fheidhmeannach Tithíochta Straitéis Tithíochta a fhorbairt agus a mhaoiniú chun tithíocht a sholáthar ar bhonn riachtanais amháin agus difreálach pobail a chealú.
  • Ionchúiseamh gach duine a théann i mbun gníomhartha a mbíonn díshealbhú neamhdhleathach nó ionsaí seicteach, ciníoch nó imeaglach mar thoradh orthu a chiallaíonn go mbíonn ar dhaoine a mbaile a thréigean.
  • Beidh ar an Fheidhmeannach Tithíochta cur chuige níos gníomhaí a dhéanamh maidir le ceist tithíocht pobail mheasctha sna 6 Chontae trí straitéis deich mbliana a sholáthar, a mhaoiniú agus a chur i gcrích le dul i ngleic leis an cheist.


Comhcheart Lucht Taistil chun Cóiríochta Oiriúnaí agus Iomchuí a Urramú agus a Chosaint

  • Leasaigh gach reachtaíocht a chuireann pionós ar chultúr agus ar shlithe beatha Lucht Taistil go háirithe na hailt bhainteacha as Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002 na 26 Contae a aisghairm.
  • Bunaigh Gníomhaireacht Cóiríochta Lucht Taistil Uile-Éireannach reachtúil lena chinntiú go mbíonn soláthar cóiríochta Lucht Taistil ar comhchaighdeán leorgachta agus oiriúnachta fud fad na tíre agus chun cur i bhfeidhm pleananna agus spriocanna cóiríochta Lucht Taistil a choimhéad.
  • Cuir Clár Uile-Éireannach ar bun le soláthar le haghaidh fánaíochta, i gcomhar le gach údarás áitiúil sna 6 Chontae agus 26 Contae.
  • De réir gealltanas Shinn Féin do Phrótacal Frith-Chiníoch do Pháirtithe Polaitíochta agus ár ngealltanas chun coimhlint shóisialta a laghdú trí chomhrá, idirghabháil sheachtrach a úsáid nuair a éiríonn aighneas idir pobail Lucht Taistil agus na pobail shocraithe faoi cheisteanna cóiríocht Lucht Taistil, agus próiseas réitigh idir an Lucht Taistil agus an pobal socraithe a fhorbairt ar bhonn níos leithne agus níos fiúntaí.

Maireachtáil Neamhspleách do Dhaoine le Míchumas a chur Chun Cinn

  • Bunaigh Treoirlínte Dearaidh Uilíoch agus Inoiriúnaitheachta ar feadh an tSaoil agus cuir iad isteach mar riachtanas dlíthiúil do gach tógáil nua tithíochta, le córas monatóireachta náisiúnta le haghaidh chur i bhfeidhm.
  • Tabhair isteach caighdeáin náisiúnta le haghaidh tacaíochta d'oiriúnú tithíochta amhail Deontas Tithíochta do Dhaoine le Míchumas, agus a chinntiú go gclúdaíonn na deontais 100% d'oiriúnú gan aon scoithphointe.
  • Déan cistiú amhail an Deontas Tithíochta do Dhaoine le Míchumas iníoctha do ghníomhaireachtaí tithíochta deonacha agus tiarnaí talún príobháideacha atá sásta freastal ar riachtanais an tiontónta fhadtéarmaigh.
  • Tabhair isteach íocaíocht cistí aon uaire chun cur ar chumas údarás áitiúil sna 26 Contae riaráiste méadaithe iarratais Deontas Tithíochta do Dhaoine le Míchumas a ghlanadh.
  • Forbair straitéisí Uile-Éireannacha le haghaidh Cóiríochta do Dhaoine le Míchumas Intleachtach agus do Dhaoine a mbíonn Galar Meabhrach orthu.
  • Imeasc go hiomlán sa phobal tithíocht thacaithe do dhaoine le míchumais intleachtacha agus do dhaoine a mbíonn galar meabhrach orthu, agus méadaigh tacaíocht do scéimeanna cóiríochta do dhaoine éislinneacha.


Ag Tacú le Tithe atá Tíosach ar Fhuinneamh agus ag Troid le Bochtaineacht Bhreosla

  • Cuir i bhfeidhm go hiomlán rialacháin inbhuanaitheacht comhshaoil ar thógáil nua, agus athbhreithnigh iad lena chinntiú go mbíonn siad daingean go leor.
  • Cinntigh go gcuirtear foinsí fuinnimh comhroghnacha atá tíosach ar fhuinneamh isteach i ngach tithíocht shóisialta nua.
  • Tabhair isteach Deontais Lánchostais Fuinnimh Inathnuaite do Cónaitheoirí ar Ioncam Íseal d'fhaighteoirí Liúntas Breosla.
  • Méadaigh deontais na Scéime um Thithe níos Glaise chun céatadán níos mó costais cheadaithe a chlúdach.
  • Sínigh an Scéim um Thithe níos Teo sna 26 Chontae chun freastal ar riachtanais 10,000 teach nua breise sa bhliain.
  • Leathnaigh critéir na dTithe níos Teo sna 6 Chontae sa dóigh go gcuirfear teas lárnach atá tíosach ar fhuinneamh ar fáil dóibh siúd nach bhfuil córas teasa ar obair acu.


Bonneagar Sóisialta do Phobail Inbhuanaithe a Chinntiú

•Tabhair isteach íosriachtanais dhlíthiúla do phleanáil spásúil agus seirbhíse do gach ceantar criosaithe cónaithe agus forbairtí tithíochta a mholfar, lena chinntiú go gcuirfear riachtanais shóisialta pobail (rochtain áitiúil ar fhostaíocht, ar sheirbhísí amhail iompar poiblí, ionaid sláinte, ionaid chúram páiste agus scoileanna, agus ar áiseanna amhail áiteanna súgartha agus caitheamh aimsire, agus ionaid siopadóireachta agus ionaid shóisialta san áireamh) isteach i ngach scéim tithíochta ag an phointe is luaithe.

•Tacaigh le forbairtí tithíochta ard-dlúis ach amháin nuair atá siad:
- deartha le tacú le maireachtáil teaghlaigh (maidir le méid an aonaid);
- lonnaithe i gceantair thionachta measctha chun inbhuanaitheacht pobail a chur chun cinn;
- lonnaithe i gceantair inrochtana le naisc mhaithe iompair;
- lonnaithe i gceantair le rochtain ar fhostaíocht;
- cóngarach do scoileanna, siopaí agus seirbhísí agus áiseanna riachtanacha eile; agus
- áit a mbeidh rochtain acu ar go leor spásanna poiblí oscailte.

•Teorainn a chur le chomhchruinnithe Tithe Iláitíochta (TIanna) trí:
- stop a chur le forbairtí TI ag brath ar iniúchadh iomlán agus measúnú tionchair le hionchur pobail go leor a chríochnú;
- uasteorainn ar mhéid aonad príobháideach ar cíos de réir sráide i gceantair atá ag déileáil le sáithiú tithíochta TI a bhunú; agus
- tabhairt ar ollscoileanna sainchóiríocht iomchuí ar chaighdeán maith inacmhainneach do mhic léinn a chur ar fáil.

Tithíocht do Phobail Inbhuanaithe Tuaithe a Chur Chun Cinn

  • Leasaigh an reachtaíocht phleanála le tógáil tithíochta aon uaire i gceantair tuaithe a cheadú nuair a úsáidfear í chun daoine sa cheantar a chur i dtithe, le treoirlínte iomchuí lena chinntiú nach mbaintear mí-úsáid as seo.
  • Tabhairt isteach athuair deontais atógála do thithe tuaithe atá dearóil agus tréigthe, le cosaintí iomchuí lena chinntiú nach nbainfear mí-úsáid as.
  • Cuir in aghaidh PPS14 a fhorchur sna 6 Chontae.
  • Soláthair íasachtaí gan ús, ar ús íseal nó iasachtaí ar ráta do-bhogtha do chéadcheannaitheoirí ar mhéaniomcam chun suímh a fháil agus chun tithe a thógáil i gceantair tuaithe ag cloí le rialacháin phleanála leasaithe, agus cosaintí iomchuí ann in aghaidh mí-úsáide.


Rannpháirtíocht i bPleanáil agus i mBainistíocht Pobail a Fheabhsú

  • Bunaigh Fóraim Phleanála Pobail Ceantair Áitiúil ar bhonn reachtúil le rannpháirtíocht dhíreach pobail i dtaca le pleanáil tithíochta a éascú.
  • Cuir reachtaíocht i bhfeidhm lena cinntiú go mbíonn ar údaráis áitiúla moltaí Fóram Pleanála Pobail a chur san áireamh i ngach forbairt nua.


Sráidainmneacha a Athghaelú agus Ainmneacha Bailte Fearainn a Athbheochan

  • Ainmneacha Gaeilge le tabhairt ar gach forbairt nua nó, más ainmneacha Béarla atá ann, ainmneacha a bhfuil baint acu leis an cheantar a úsáid.
  • Baint ag údaráis áitiúla le hathbheochan bailte fearainn a chur chun cinn.


Pobail Shábháilte a Thógáil


  • Tabhair isteach scéim dhearfach 'Comhaontuithe Pobail Mhaith' bunaithe sa cheantar a mbíonn baint ag tionontaí poiblí agus príobháideach agus úinéirí réadmhaoineí, chun ionchur pobail, rannpháirtíocht agus úinéireacht straitéis áitiúla chun dul i ngleic le hiompraíocht fhrithshóisialta agus choirpeach a fheabhsú.
  • Acmhainní a mhéadú ar mhaithe le phóilíneacht pobail agus le struchtúirí freagrachta pobail do mhaoirseacht póilíneachta, le smachtbhanna comhsheasmhach in éadán iompraíocht coirpigh a chinntiú.
  • Méadaigh tacaíocht d'Fhaire Pobail agus do chláir slándála atá comhoibritheach agus deonach agus lonnaithe sa phobal.
  • Méadaigh cistiú do chláir athchóirithe ceartais pobail, ar aidhm dó aon tionscadal i ngach contae agus mórionad uirbeach a bhunú.
  • Aonaid 'Iompraíochta Frithshóisialta' a bhunú i ngach údarás áitiúil, agus athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtas údarás áitiúil ar bhonn uile-Éireannach ar aidhm dóibh caighdeáin náisiúnta cleachtais is fearr a bhunú, chun comhsheasmhacht maidir le freagairtí laistigh agus idir comhairlí a fheabhsú.
  • Meadaigh an fócas ar chosc, ar idiragairt agus ar idirghabháil nuair atá iompraíocht neamhchoirpeach i gceist. Cinntigh nach n-úsáidtear díshealbhú ach mar rogha dheiridh nuair atá sé soiléir gur theip ar iarrachtaí cuiditheacha ar réiteach.
  • Cinntigh n-úsáidtear díshealbhú mar rogha eile d'ionchúiseamh ar iompraíocht choirpeach.
  • Cuir i bhfeidhm reachtaíocht lena chinntiú go gcuirfear díshealbhú nó an chosúlacht go mbeadh dhíshealbhú ann san áireamh le breithiúnas coirpeach agus/nó go bhfuil sé nasctha le coinníollacha parúil, chun tuilleadh maoirseachta breithiúnaí a chur leis an phróiseas seo.


Latest News

Clic anseo fa choinne nuacht ó fhoireann Shinn Féin don tionól.

polasaí príobháideachta