Tosaíochtaí Shinn Féin don Ghaeilge 2007-2012

May 14, 2007

Bairbre de Brún MEP

Beidh Bairbre de Brún FPE, agus Ann-Marie Carroll Iarrthóir Shinn Féin do Ghaillimh Theas ag lansáil tosaíochtaí Shinn Féin don Ghaeilge 2007-2012 maidir leis an Ghaeilge i nGaillimh inniu.

Chomh maith le sin beidh Bairbre de Brún FPE agus Sinn Féin ag camchuairt thart ar ceantar Gaillimh inniú roimh an olltoghchán ar 24ú Bealtaine. Is í Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin ata ag eagrú camchuairt den chineál sin dírithe ar na ceantracha gaeltachta ach go háirithe.

Ag labhairt leí agus í amuigh ag stocaireacht dúirt Ann-Marie Carroll,

"Tá mé thar a bheith sásta cárta tosaíochtaí Shinn Féin maidir leis an Ghaeilge a sheoladh anseo i gceantar Ghaeltachta inniu."

"Sa rialtas beidh Sinn Féin ag diriú ar na héilimh seo a leanas;



-Go cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm sna 26 co ar dhóigh a chaomhnaíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge.

-Molann Sinn Féin go ndéanfaí athbhreithniú gach deich mbliana ar mhionteorainneacha na Gaeltachta a cheartú agus le deis a thabhairt do cheantair nua ina bhfuil 10%-30% a labhrann Gaeilge gach lá a bheith aitheanta mar Bhreac Ghaeltachtaí


-Molann Sinn Féin chomh maith gurbh fhiú fostaíocht a chruthú tríd Aonad Teangan i gcomhair Taighde agus Teagaisc a bhunú i ngach Gaeltacht.


- Go gcuirfí stádas oifigiúil agus oibre na Gaeilge san Aontas Eorpach i bhfeidhm ina iomláine, agus go gcuirfí deireadh leis an mhaolú a bhaineann le Gaeilge ar 1 Eanáir 2011.


-Go mbeidh Acht na Gaeilge ann do na sé contae gan moill.


-Tá Sinn Féin go fóill ag iarraidh go n-ardófaí an maoiniú a chuirtear ar fáil d'Fhoras na Gaeilge.


-Go mbeidh ciste maoinithe d'oifigigh fhorbartha áit ar bith a bhfuil lucht Gaeilge eagraithe go gairmiúil.


-Rogha Naíscoile/Bunscoile/Meánscoile do achan tuismitheoir/caomhnóir agus gur chóir coláiste Gaeilge tríú leibhéal a chruthú, coláiste a mbeadh teacht ag mic léinn ar fud na tíre agus níos faide ar shiúl air.


- Go mbeadh deis ag achan duine fásta (na hÉireannaigh nua san áireamh) Gaeilge a fhoghlaim.

- Creideann Sinn Féin gur choir do TG4 a bheith maoinithe a chionroinnt ar an mbonn ná áis ar bith eile agus go gcuirfí airgead ar fáil chun an a fhorbairt sa thodcaí.

Chomh maith le sin beidh an FPE Bairbre de Brún agus Sinn Fein ag cur béim ar riachtanais na gceantair sin agus ag obair ar son na n- iarrthóirí de ard chaighdeán atá againn. Tugann Sinn Féin tús áite don Ghaeilge i gcónaí agus leanfaidh muid le sin sa rialtas. ' arsa inion Carroll. Críoch

Latest News

Clic anseo fa choinne nuacht ó fhoireann Shinn Féin don tionól.

polasaí príobháideachta